Is beannaithe an ball, agus an teach,
agus an áit, agus an chathair,
agus an croí, agus an sliabh,
agus an dídean, agus an uaimh,
agus an gleann, agus an tír,
agus an mhuir, agus an t-oileán,
agus an móinéar inar tráchtadh ar aimn Dé
agus inar móradh a ghlóir.
An bhfuil aon duine chun fadhbanna a réiteach ach Dia amháin!
Abair, 'Moladh le Dia! Is é Dia é! Is seirbhíseach leis cách, agus leanann cách a Bhriathar'