Return to BahaiPrayers.net
Facebook
Táibléad Ridván.
Tá an tEarrach Diaga inár láthair, a Pheann Ró-
Ard, mar tá Féile an Uile-Thrócairigh ag druidim linn go dlúth. Corraigh tú féin agus os comhair na cruthaitheachta go léir déan ainm Dé a mhóradh, agus a mholadh a cheiliúradh, ar mhodh go n-athbheofar an uile chréatúr agus go n-athnuafar iad. Labhair agus ná fan i do thost. Tá réalt maidine an aoibhnis ag soilsiú os cionn bun spéire ár n-ainm, an tAoibhinn, sa mhéid is gur maisíodh ríocht ainm Dé le hornáid ainm do Thiarna, Cruthaitheoir Neimhe. Éirigh os comhair chiníocha an domhain, gléas ort féin mar arm cumhacht an Ainm Ró-Mhóir seo agus ná bí ar an dream atá ag déanamh moille.
Dar liom go bhfuil tú i do stad agus nach bhfuil ag gluaiseacht ar mo Tháibléad. An amhlaidh atá gile na Gnúise Diaga tar éis mearbhall a chur ort, nó ar chuir caint bhaoth an dreama chrosta cumha ort le gur craplaíodh do ghluaiseacht? Seachain, ar eagla go gcuireann éinní de bhac ort mórgacht an lae seo a adhmholadh — an lá inar bhain Méar maorgachta agus cumhachta an séala d’Fhíon an Athaontaithe, agus inar ghlaoigh ar gach duine ar neamh agus ar gach duine ar talamh. An é gur fearr leat moill a dhéanamh agus an leoithne atá ag fógairt Lá Dé tar éis a hanáil a chur fút, nó an den dream úd tú atá dúnta amach uaidh, faoi mar a bheadh fial eadraibh?
Níl fial ar bith ann ar lig mé dó, a Thiarna an Uile Ainm agus a Chruthaitheoir Neimhe, mé a dhúnadh amach ó ghlóir do Lae a aithint — an Lá atá mar lóchrann treorach ag an domhan go léir agus mar chomhartha ar Shinsear na Laetha don uile dhuine dá gcónaíonn ann. Táim i mo thost mar gheall ar na fiala atá tar éis súile do chuid créatúr a dhalladh ort, agus táim balbh de dheasca na gconstaicí a chuir de chosc ar do phobal d’fhírinne a aithint. Is eol duit gach a bhfuil ionamsa, ach ní heol domsa éinní dá bhfuil ionat. Is tusa an tUile-Eolach, an tUile-Fheasach. Dar d’ainmse a sháraíonn an uile ainm eile dá bhfuil ann! dá mbainfeadh d’aithne shárcheannasach, uile-éigeantach amach choíche mé chuirfeadh sí ar mo chumas anamacha na ndaoine uile a athbheo, trí d’Fhocal róardaithe, a chuala mé á chanadh ag Teanga do chumhachta i Ríocht do ghlóire. Thabharfadh sí de chumhacht dom taispeánadh do ghnúise niamhraí a fhógairt trínar foilsíodh i d’ainm, an Soiléiseach, an RíChosantóir, an Féin-Chothaitheach gach a raibh ceilte ar shúile na ndaoine.
An bhfuil teacht agat ar éinneach eile ach mé, a Pheann, sa Lá seo? Cad é a bhain don chruthaitheacht agus dá ndéanann nochtadh uirthi? Cad é mar gheal ar na h-ainmneacha agus a ríocht siúd? Cár imigh gach ar cruthaíodh, idir infheicthe agus dhofheicthe? Cad é mar gheall ar rúin fholaithe na cruinne agus a gcuid taispeántaí. Féach! tá an chruthaitheacht go léir tar éis síothlú. Ní fhanann dada diomaite de m’Aghaidh, an Síor-Mharthanach, an Niamhrach, an tUileGhlórmhar.
Seo é an Lá nach léir ann ach niamhracht an tSolais a dhealraíonn ó aghaidh do Thiarna, an Ceansa, an tUile-Bhronntach. Go deimhin, thug muid ar an uile anam dul in éag de thairbhe ár bhFlaithis dhochoiscthe, uile-bhuach. D’fhógair muid, leis sin, teacht ann do chruthaitheacht nua, mar chomhartha ar ár nGrásta do na daoine. Is mé, go deimhin, an tUile-Bhronntach, Sinsear na Laetha.
Seo é an Lá a nglaonn an saol dofheicthe os ard: ‘Is beannaithe go mór tú, a dhomhain, mar tá stól coise do Thiarna Dé déanta díot, agus rogha déanta ort mar shuíochán a ríchathaoireach neartmhaire’. Is í an gháir atá ag flaitheas na glóire: ‘Ba é mo mhian go ndéanfaí íobairt de mo bheatha ar do shon, mar tá an Té is ansa leis an Uile-Thrócaireach tar éis a cheannas a shuíomh ort trí chumhacht a Ainm atá tugtha ina ghealltanas don uile ní dá mbaineann leis an am atá thart nó leis an ré atá le teacht’. Seo é an Lá a bhfuair gach uile ní cumhra a chumhrachta ó bholadh m’éide, an éide a bhfuil a chumhracht scaipthe aici ar an uile chruthaitheacht. Seo é an Lá ar tháinig uisce na beatha síoraí de scabhait toinne amach ó Thoil an UileThrócairigh. Deifrígí libh, ó chroí agus anam, le go n-ólfaidh sibh bhur sáith, a Shlua na bhFlaitheas Neamhaí!
Abair: is é atá ina Thaispeánadh ar an Té Do-Áirithe, arb é is Do-Fheicthe ar an Dream Do-Fheicthe, dá mba rud é go raibh ar bhur gcumas é sin a aithint. Is é féin a nocht i bhur láthair an tSeoid mhuirneach, fholaithe ach dul dá tóraíocht. Is é féin Ansacht an uile neach beo, dár mhair riamh nó dá mairfidh choíche. B’fhéidir le Dia go ndéanfadh sibh mian bhur gcroí de agus bhur ndóchas a chur ann.
Chuala muid do ghlór impíoch, a Pheann, agus maithimid duit agus tú fanacht i do thost. Cad é atá tar éis mearbhall chomh mór sin a fhágáil ort.
Is í an mheisce atá orm ó bheith i do láthair, a Ansacht an uile shaoil, atá tar éis breith orm agus agus atá mar leannán agam.
Éirigh agus fógair don chruthaitheacht go léir mar scéala go bhfuil an Té arb é an tUile-Thrócaireach é tar éis a choiscéim a dhíriú i dtreo an Ridván sa dóigh. go ndeachaigh sé isteach ann. Mar sin de treoraigh na daoine ionsar ghairdín an aoibhnis dá ndearna Dia Ríchathaoir a Pharthais. Rinne muid díotsa de rogha ar chách ár dTrumpa Ró-Mhór, a dtabharfaidh a bhlosc le fios aiséirí an chine dhaonna ar fad.
Abair: Seo é an Parthas a bhfuil greanta ar a dhuilliúr mar fhianaise ag fíon na hurlabhra: ‘Tá an Té úd a bhí ceilte ar shúile na ndaoine tar éis teacht i láthair, agus é feistithe le flaitheas agus le cumhacht!’ Seo é an Parthas a bhfógraíonn siosarnach a chuid duilliúir: ‘A lucht áitrimh neimhe agus talún! Tá nochta leis seo an ní nár nochtadh riamh cheana. An Té úd a cheil ó thosach aimsire a Aghaidh ar an chruthaitheacht, tá sé seo anois tagtha.’ Ó chogar na leoithne atá ag séideadh idir a chuid beangán tá an glao seo ag teacht: ‘Tá an Té arb é Rí-Thiarna na nUile tar éis nochtadh. Is le Dia an Ríocht,’ agus, lena linn sin cloistear ó shrutha a chuid uiscí ann crónán á rá: ‘Is amhlaidh atá lúcháir ar shúile gach éinne, mar an Té nár fhéach éinne air, ná nár bhain éinneach a rún amach riamh, tá sé tar éis fial na glóire a ardú agus an Folach a bhaint de ghnúis na hÁilleachta’.
Laistigh den Pharthas seo agus ó mhullach na seomraí is airde ann, tá Maighdeana na bhFlaitheas tar éis glaoch os ard agus é seo á ghairm acu: ‘Déanaigí gairdeachas a lucht áitribh na ríochtaí lastuas, mar tá méara an Té arb é Sinsear na Laetha é ag baint den Chlog Ró-Mhór i gceartlár neimhe in ainm an UileGhlórmhair. Tá lámha na féile tar éis cupán na beatha síoraí a dháileadh ar chách. Druidigí i leith agus déanaigí bhur sáith a ól. Ólaigí go sultmhar, sásta, ós ann atá mian bhur gcroí istigh!’
Seo é an Lá ar nocht as Taibearnacal na glóire an Té a bhfuil Taispeánadh déanta aige ar ainmneacha Dé agus ar fhógair don uile dhuine atá ar neamh agus don uile dhuine atá ar talamh: ‘Cuirigí uaibh cupáin Parthais agus a bhfuil iontu d’uisce slánaithe, óir féach! tá pobal Bhahá tar éis dul isteach in áras beannaithe na Láithreach Diaga agus deoch d’fhíon an athaontaithe a chaitheamh as cailís áilleacht a dTiarna, an tUileShealbhach, an Té Ró-Ard’.
Déan dearmad ar shaol na cruthaitheachta, a
Pheann, agus iompaighse i dtreo aghaidh do Thiarna, Tiarna an uile ainm. Maisigh, dá bhrí sin, an saol le hornáid cuid fabhar do Thiarna, Rí na ré síoraí. Óir airímid boladh cumhra an Lae ar scaip an Té, arb é Ansacht na gciníocha uile é, ar ríochtaí an dofheicthe agus an infheicthe loinnir sholas a chuid ainmneacha ró-dhearscnaí, agus an ndearna iad a chlúdach le niamhracht cranna solais a chuid fabhar ríchineálta — na fabhair úd nach bhfuil ar chumas éinne a áireamh ach é féin arb é Cosantóir uilechumhachtach na cruthaitheachta go léir.
Ná dearc ar chréatúir Dé ach de shúil an chineáltais agus na trócaire, óir tá ár n-oirchill ghrámhar tar éis dul i bhfeidhm ar an uile chréatúr agus ár ngrásta tar éis idir thalamh agus neamh a thimpeallú. Seo é an Lá a mbeidh a bpáirt ag fíorshearbhóntaí Dé d’uisce slánaithe an athaontaithe, an Lá a mbeidh de chumas acu siúd atá i gcóngar Dé ól de shrutha éadroma abhainn na beatha síoraí, agus ag an dream a chreideann ina aontacht ól d’fhíon a Láithreach de bhrí gur thug siad aitheantas don Té arb é an Cuspóir is airde, dhéanaí ag an gcruthaitheacht go léir, trínar labhair Teanga na Maorgachta agus na Glóire sa ghairm seo: ‘Is liomsa an Ríocht. Is mise, de mo cheart féin, a Rialóir’.
Tarraing chugat croíthe na ndaoine trí ghlao an Té úd arb é amháin is ansa le cách. Abair: Seo é Glór Dé, dá mba rud é go dtabharfadh sibh cluas dó. Seo é Réalt Maidine Thaispeánadh Dé dá mba rud é go n-aithneodh sibh é. Seo é Foinse Fholáireamh Dé dá mba rud é go dtabharfadh sibh breith chothrom air. Seo é an rún idir fhollasach agus fholaithe; b’fhéidir le Dia go n-aireodh sibh é.A chiníocha an domhain! caithigí uaibh i m’ainm a sháraíonn an uile ainm eile, na nithe atá i bhur seilbh agus tumaigí sibh féin san Aigéan seo a bhfuil péarlaí na heagna agus na hurlabhra folaithe ina dhuibheagán, an t-aigéan seo atá ag tonnadh i m’Ainm, an tUileThrócaireach. Is é seo an chomhairle atá curtha oraibh ag an Té a bhfuil an Bhun-Scríbhinn ina sheilbh aige.
Tá Ansacht na nAnsacht tagtha. Ina dheaslámh tá fíon séalaithe a Ainm. Is méanar don duine a iompaíonn chuige agus a ólann a sháith agus é ag glaoch os ard: ‘Moladh leat, a Fhoilsitheoir Iontais Dé!’ Dar fíréantacht an Uile-Chumhachtaigh! gach éinní a bhí folaithe tá sé sin nochta trí chumhacht na Fírinne.
Tá fabhair Dé go léir curtha anuas mar chomhartha ar a Ghrásta. Táthar tar éis uisce na beatha síoraí ina iomláine a thairiscint do na daoine. Is í lámh ár nAnsachta atá tar éis an uile chuach de a thabhairt timpeall. Druidigí anall agus ná déanaigí moill fiú ar feadh nóiméad amháin dá ghiorracht é.
Is beannaithe an dream a d’éirigh in airde ar sciatháin na neamh-fhéinchúise agus a bhain amach an staid úd, mar atá ordaithe ag Dia, a bhfuil an chruthaitheacht uile faoina scáth, sa chruth nár éirigh le samhailtí baotha lucht léinn ná sluaite do-áirimh na talún iad a chur ar leataobh óna Chúis. Cé hé an duine úd i bhur measc a chuirfidh a chúl leis an saol agus a dhruidfidh i gcóngar Dé, Tiarna an uile Ainm? Cá bhfuil an té sin le fáil atá sásta, trí chumhacht m’Ainm a sháraíonn an chruthaitheacht go léir, na nithe úd atá i seilbh na ndaoine a chaitheamh uathu agus cloí ar theann a dhíchill leis na nithe a bhfuil Dia ar Feasach dó an dofheicthe agua an t-infheicthe tar éis a ordú go leanfar díobh? Is amhlaidh atá a Fhéile curtha anuas ar an uile dhuine, a Fhianaise curtha i gcrích agus a Chruthúnas tar éis dealramh os cionn Bun Spéire na trócaire. Is saibhir an duais atá le buachaint ag an té a chreid ann agus é ag gairm os ard: ‘Moladh leatsa, a Ansacht an uile shaoil! Móradh le d’Ainm, ar tú Mian gach croí tuisceanach!’
Déanaigí gairdeachas ollmhór, a phobal Bhahá, agus sibh ag tabhairt chun cuimhne Lá seo an aoibhnis bheannaithe, an Lá ar labhair Teanga Shinsear na Laetha agus é ag imeacht óna Theach ag triall ar an Bhall ónar chaith sé ar an gcruthaitheacht go léir niamhracht a Ainm, an tUile-Thrócaireach. Tá Dia mar fhinné againn, dá mba rud é go nochtfaimis rúin fholaithe uile an Lae sin, rachadh lucht áitrimh na talún agus neimhe i suan agus in éag, diomaite díobh siúd a bheadh caomhnaithe ag Dia, an tUile-Chumhachtach, an tUile-Fheasach, an tUile-Chríonna.
Tagann den mheisce atá curtha ag briathra Dé ar an Té atá ina Fhoilsitheoir ar a chruthúnais dhoshéanta nach féidir lena Pheann gluaiseacht a thuilleadh. Leis na briathra seo a chuireann sé clabhsúr lena Tháibléad: ‘Níl de Dhia ann ach mé, an Ró-Ardaithe, an tUile-
Chumhachtach, an Ró-Dhearscnaí, an tUile-Fheasach.’
- Bahá'u'lláh