Return to BahaiPrayers.net
Facebook
Táibléad Ahmad.
Is é an Rí é, an tUile-Fheasach, an Críonna. Féach tá filiméala Dé ar bheangáin Chrann na Síoraíochta ag gabháil de shéisreacha beannaithe, binne ag fógairt do na fíréin dea-scéala ghaireacht Dé, ag glaoch ar lucht creidimh san Aontacht Dhiaga chun Cúirt Láthair Dé, an Fial, ag cur chuig lucht na neamh-fhéinchúise an scéala atá taispeánta ag Dia, an Rí, an Glórmhar, an tÉagsamhalta, ag treorú na leannán go dtí suí na beannaitheachta agus go dtí an Áilleacht niamhrach.
Go deimhin, is é seo an Áilleacht Ró-Mhór, a réamhinsíodh i Leabhair na dTeachtairí trína ndéanfar an fhírinne a idirdhealú leis an earráid agus trína bhféachfar críonnacht na huile aithne. Go deimhin is é Crann na Beatha é a thugann uaidh torthaí Dé, an Ceannasach, an Cumhachtach, an Té Mór.
A Ahmad, tabhairse fianaise gurb é Dia go deimhin. é agus nach bhfuil Dia ar bith ann ach é, an Rí, an Cosantóir, an tÉagsamhalta, an tUile-Chumhachtach. Agus gurb é an Té atá curtha uaidh aige darb ainm Alí an Té fírinneach a tháinig ó Dhia a bhfuil muid uilig faoi réir ag a chuid aitheanta.
Abair: a phobail géilligí d’aitheanta Dé atá leagtha orainn sa Bhayán ag an Té atá Glórmhar, Críonna. Go deimhin, is é Rí na dTeachtairí é agus is é a Leabharsan an Bun-Leabhar, dá mba rud é gurbh eol daoibh é.
Is amhlaidh a chuireann an Filiméala a ghairm oraibh ón bpríosún seo. Níl aige ach an teachtaireacht shoiléir seo a thabhairt uaidh. Cibé duine ar mian leis é, casadh sé ar leataobh ón gcomhairle seo, agus cibé duine ar mian leis é, déanadh sé rogha ar an gcosán go dtí a Thiarna.
A phobal, má chuireann sibh suas do na véarsaí seo cén cruthanas atá agaibh gur chreid sibh i nDia? Cuirigí ar fáil é, a chomhthionól an éithigh.
Ní hea, dar an Té a bhfuil m’anam ar a lámh, níl ar chumas acu, ná ní bheidh go brách, a leithéid a dhéanamh fiú dá dtiocfaidís i gcomhar le chéile.
A Ahmad! ná déansa dearmad de m’fhéile agus mé. as láthair. Cuimhnigh ar mo shaolsa le do bheo, agus ar mo bhuaireamh agus mo dheoraíocht sa phríosún iargúlta seo! Agus bí-se chomh diongbháilte sin i mo ghrá nach mbogfar tú fiú má théann claímhte na náimhde de bhuillí ort agus má éiríonn a bhfuil ar neamh agus ar talamh i d’aghaidh!
Bí-se mar a bheadh bladhm lasrach in aghaidh mo náimhde agus mar a bheadh abhainn na beatha síoraí ag lucht m’ansachta, agus ná bí ar lucht an amhrais!
Agus má thagann leatrom ort i mo chosán nó doilíos ar mo shonsa, ná bíodh buaireamh ort dá bharr! Bíodh muinín agat as Dia, do Dhia-sa agus Dia do shinsear! Mar tá na daoine ar fán, agus iad imithe ar chosáin an tseachráin, agus gan de thuiscint acu go n-aithneodh siad Dia lena súile féin ná a shéis a chluinstin lena gcluasa féin. Is amhlaidh a fuair mé iad, rud dá dtugann tú féin fianaise.
Is sa tslí sin a rinneadh dá gcuid piseog mar a bheadh fiala ann idir iad agus a gcroíthe féin, rud a choinnigh siar iad ó chosán Dé, an Té Mór, an Ceannasach.
Bí-se cinnte dearfa de, an duine a thugann cúl leis an Áilleacht seo, go deimhin, tá sé i ndiaidh cúl a thabhairt chomh maith le Teachtairí na réanna atá caite agus tugann sé uabhar le fios i láthair Dé trí shaol na saol. Foghlaim go maith an Táibléad seo, a Ahmad. Déan. é a chanadh le linn do shaoil agus ná fan-sa siar uaidh. Mar go deimhin, tá ordaithe ag Dia don té a chanann é an duais atá tuillte ag céad mairtíreach, mar aon le fónamh a dhéanamh sa saol seo agus sa saol atá le teacht. Seo na fabhair atá bronnta againn ort mar ghrásta uainn agus mar thrócaire ónár láthair chun go mbeifeá ar an dream atá buíoch.
Dar Dia! má léann duine a bhfuil doilíos nó dobrón air an Táibléad seo óna chroí amach, scaipfidh Dia a chumha, réiteoidh a chruachás agus bainfidh a dhoilíos de.
Go deimhin, is é an Trócaireach é, an tAtruach. Moladh le Dia, Tiarna an Uile Shaoil!
- Bahá'u'lláh