Bahá'í Prayers

Irish : Paidir Laethúil Fhada

Permanent Link

 

*LE HAITHRIS UAIR AMHÁIN I GCAITHEAMH CEITHRE HUAIRE IS FICHE

*Cibé duine ar mian leis an phaidir seo a aithris, éiríodh sé ina sheasamh ina áit, agus a aird á díriú aige ar Dhia, dearcadh sé ar dheis agus ar chlé faoi mar a bheadh sé ag feitheamh le trócaire a Thiarna, an Ró-Thrócaireach, an tAtruach. Leis sin abraíodh sé:

A

Dhia! A Thiarna an uile ainm agus a

Chruthaitheoir na bhFlaitheas, impím ort dar Réalt Maidine do bheatha do-fheicthe, an Ró-Ard, an tUile-Ghlórmhar, tine a dhéanamh de m’urnaí a dhófaidh díom na fiala a dhún amach mé ó do Scéimh agus solas a threoróidh mé chun aigéan do Láithreach.

*Leis sin ardaíodh sé a lámha go himpíoch ionsar Dhia — beannaithe agus ardaithe go raibh sé — agus abraíodh sé:

A Rún an tsaoil agus a Ansacht na gciníocha, feiceann tú mé ag tiontú chugat agus mé fuascailte ón uile cheangal le héinneach seachas tú agus mé ag cloí le do théad ar corraíodh an chruthaitheacht go léir trína gluaiseacht. Is mise do sheirbhíseach, a Thiarna liom, agus mac do sheirbhísigh. Féach orm is mé i mo sheasamh réidh le cibé ní is toil agus is mian leat a chur i gcrích agus gan rún ar bith eile agam ach do dheathoil féin. Agraím tú dar Aigéan do thrócaire agus dar Grian Mhaidine do ghrásta agus bí ag caitheamh le do sheirbhíseach de réir do mhéine agus do phléisiúir. Dar do neart atá ardaithe i bhfad os cionn iomrá agus moladh an uile dhuine! cibé ní atá taispeánta agat, is é sin mian mo chroí agus ansacht m’anama. A Dhia liom! ná dearc ar an méid a dhéanaim ná a gcuirim mo dhóchas ann, ní hea, ach dearc ar do thoil a bhfuil neamh agus talamh timpeallaithe aici. Dar d’Ainm RóMhór, a Thiarna an uile chine! ní raibh de mhian agam ach an ní ba mhian leatsa ná níor thug mé grá ach don ní a raibh grá agat féin air.

*Téadh sé ar a ghlúine leis sin agus ag cromadh a éadain chun na talún dó abraíodh sé:

Is ardaithe atá tú os cionn tuairisc aon duine seachas do thuairisc féin agus os cionn tuiscint aon duine seachas do thuiscint féin.

*Leis sin éiríodh sé ina sheasamh agus abraíodh:

Déan de m’urnaí, a Thiarna liom! foinse d’uisce beo a chuirfidh ar mo chumas marthain chomh fada agus is ann do do fhlaitheas féin agus trácht a dhéanamh ort in gach saol de do shaolta.

*Ardaíodh sé a lámha go himpíoch arís agus abraíodh:

A Dhia! a bhfuil coscar déanta ar chroíthe agus anamacha as siocair iad a bheith dealaithe leat agus a bhfuil an domhan mór uile ar dearglasadh de gheall ar do ghrá! agraím tú dar d’Ainm lenar cheansaigh tú an chruthaitheacht uile agus ná coinnigh uaim a bhfuil agat, a Dhia atá ina rialóir ar an uile dhuine! Feiceann tú, a Thiarna, an strainséar seo ag deifriú chun an bhaile ró-aird faoi fhirmimint do mhaorgachta agus laistigh de thearmann do thrócaire; agus an peacach seo ag lorg aigéan do mhaithiúnais; agus an té uiríseal seo ag lorg chúirt do ghlóire; agus an créatúr bocht seo ag lorg chríocha do shaibhris. Is leatsa an t-údarás le cibé ordú is toil leat a thabhairt uait. Tugaim fianaise go bhfuil do chuid gníomhartha le moladh, do chuid aitheanta le cur i gcrích agus nach bhfuil smacht ar bith le cur ar do chuid forálacha go brách.

*Ardaíodh sé a lámha leis sin agus abraíodh sé an tAinm Ró-Mhór trí huaire i ndiaidh a chéile. Cromadh sé chun tosaigh agus a lámha ligthe ar a ghlúine aige os comhair Dé — beannaithe agus ardaithe go raibh sé — abraíodh sé:

Feiceann tú, a Dhia, mar atá mo spiorad corraithe I mo chorp agus i mo cholainn lena bhfuil d’fhonn air tú a adhradh, agus é ag tnúth chomh mór sin le trácht agus adhmholadh a dhéanamh ort; mar a dhearbhaíonn sé a bhfuil dearbhaithe ag Teanga d’Aithne i ríocht d’urlabhra agus ar neamh d’eolais. Is aoibhinn liom, agus mé sa riocht seo, a Thiarna, gach a bhfuil agat a iarraidh d’achaine ort le go dtaispeánfaidh mé uaim mo bhochtanas, agus d’fhéilese is do shaibhreas a mhóradh, agus mo neamhéifeacht a fhógairt, agus do chumhacht is do neart a léiriú.

*Éiríodh sé ina sheasamh agus a lámha a ardú faoi dhó mar achaine agus abraíodh sé:

Níl Dia ar bith eile ann ach tú, an tUileChumhachtach, an tUile-Fhlaithiúil. Níl Dia ar bith ann ach tú, an Reachtóir i dtosach agus i ndeireadh aimsire. A Dhia liom! is é do mhaithiúnas a mhisnigh mé, is é do thrócaire a neartaigh mé, is é do ghlao a mhúscail mé agus is é do ghrásta a thóg in airde agus a threoraigh i d’araicis mé. Murach sin cé mé féin le go mbeadh de dhánacht ionam seasamh ag geata chathair do chóngair nó m’aghaidh a dhíriú ar na soilse a dhealraíonn ó neamh do thola? Feiceann tú, a Thiarna, an créatúr ainnis seo ag cnagadh ar dhoras do ghrásta agus an t-anam díomuan seo ag lorg abhainn na beatha síoraí ó lámha d’fhéile. Duitse is cuí an reacht a thabhairt uait anois agus go bráth, a Thiarna an uile ainm; agus domsa is cuí umhlaíocht a thaispeáint uaim agus géilleadh de mo dheoinse do do thoil, a Chruthaitheoir Neimhe!

*Ardaíodh sé a lámha leis sin trí huaire agus é seo á rá aige gach uair:

Is mó é Dia ná gach neach mór.

*Téadh sé ar a ghlúine leis sin agus ag cromadh a éadain chun na talún dó abraíodh:

Ró-ard atá tú le go n-ardódh moladh uathu sin atá i ndeis duit chun neamh do chóngair, nó go sroichfeadh éanacha croíthe na muintire úd atá dílis duit doras do gheata. Dearbhaím go bhfuil tú naofa os cionn gach bua dá gcuirtear síos duit agus beannaithe os cionn gach ainm dá luaitear leat. Níl Dia eile ann ach tú, an Ró-Cheannasach, an tUile-Ghlórmhar.

*Leis sin suíodh sé agus abraíodh:

Dearbhaím a bhfuil dearbhaithe ag an gcruthaitheacht uile agus ag an Slua Neamhaí agus ag áitritheoirí an Pharthais is airde, agus lastuas díobh sin, ag Teanga na Maorgachta féin ón mbun spéire uileghlórmhar, gur tú Dia, nach bhfuil Dia ann ach tú agus gurb é atá taispeánta an Rúndiamhair Folaithe, an Siombail is Ansa trínar nascadh agus ar fíodh le chéile na litreach ‘B’ agus ‘Í’. Dearbhaím gurb é a bhfuil a ainm curtha síos ag Peann an Té is Ró-Airde, agus a ndearnadh trácht air i Leabhair Dé, Tiarna na Ríchathaoireach sna harda agus na talún faoi.

*Éiríodh sé ina sheasamh díreach agus abraíodh:

A Thiarna na beatha uile agus a Shealbhóir gach ní, idir infheicthe agus dhofheicthe! airíonn tú mo dheora agus na hosnaí a ligim, m’éagaoin is mo chneadaíl, agus olagón mo chroí. Dar do chumhacht! chuir mo chionta ar gcúl mé ó dhruidim in aice leat agus choinnigh mo pheacaí i bhfad mé ó chúirt do naofachta. Is é do ghrása mo shaibhreas, a Thiarna, agus is é mo dhealú leatsa mo léirscrios, agus is é údar mo chaille mé a bheith san iargúltacht i bhfad uait. Achainím ort, dar do choiscéimeanna san fhásach seo agus dar na briathra ‘Seo duit mé! Seo duit mé!’ atá labhartha ag lucht d’ansachta ar an domhan cláir agus dar análacha do Thaispeánta agus gaotha séimhe Chamhaoir d’Fhoilsithe, a chinneadh liom go bhféachfaidh mé ar do scéimh agus go gcloífidh mé lena bhfuil i do Leabhar.

*Aithrisíodh sé leis sin an tAinm Ró-Mhór trí huaire i ndiaidh a chéile agus cromadh sé, a lámha ligthe ar a ghlúine aige, agus abraíodh sé:

Moladh leat, a Thiarna, gur chuidigh tú liom cuimhneamh ort agus tú a mholadh agus gur lig tú fhad liom aithne an Té arb é Réalt Maidine do chuid iontas é agus gur thug tú orm sléachtadh os comhair do Thiarnais agus umhlú os comhair do Dhiachta agus glacadh lena bhfuil ráite ag Teanga do Mhórgachta.

*Éiríodh sé leis sin agus abraíodh sé:

A Dhia liom! is crom mo dhroim le hualach mo pheacaí agus is scriosta atáim de dheasca mo neamhaire. Nuair a mheabhraím ar mo dhrochghníomhartha agus ar do dhea-mhéin coscraítear an croí ionam agus cuirtear mo chuid fola agus feola trína chéile. Dar do scéimh, a Rún an tSaoil! lasaim le náire agus mé ag ardú m’aghaidhe chugat agus tagann cearthach ar mo lámha le neart a dtnútháin agus iad ag síneadh uaim ionsar neamh d’fhéile. Feiceann tú, a Dhia, mar a choisceann mo dheora mé a bheith ag cuimhneamh ort agus ag adhmholadh do bhuanna, a Thiarna na Ríchathaoireach sna harda agus ar talamh faoi! Impím ort dar comharthaí do Ríochta agus dar rúndiamhra do Fhlaithis, caitheamh le lucht d’ansachta mar is cuí do d’fhéile, a Thiarna na Beatha uile, agus mar a oireann do do ghrásta, a Rí ar a bhfuil sa chruthaitheacht, idir infheicthe agus dhofheicthe!

*Aithrisíodh sé leis sin an tAinm Ró-Mhór trí huaire i ndiaidh a chéile, agus téadh sé ar a ghlúine agus, a éadan curtha aige leis an talamh, abraíodh sé:

Moladh leat, a Thiarna linn, gur chuir tú anuas chugainn an ní a tharraingíonn i ngiorracht duit sinn agus a riarann orainn gach aon ní maith atá curtha anuas agat i do Leabhair agus i do Scrioptúir. Déan sinn a chosaint, impímid ort, a Thiarna linn, ar shluaite na samhlacha baotha agus na smaointe fánacha. Is tú, go deimhin, an Cumhachtach, an tUile-Fheasach.

*Ardaíodh sé a cheann leis sin, suíodh sé agus abraíodh:

Dearbhaím, a Dhia, ar dhearbhaigh na fíréin, agus admhaím ar admhaigh lucht cónaithe an Pharthais róaird agus an mhuintir a théann timpeall ar do

Ríchathaoir mhórga. Is leatsa ríochtaí talún agus neimhe, a Thiarna an uile shaoil.

 

Windows / Mac