Return   Facebook   Zip File

Arabic

1

A MHIC AN SPIORAID!

Is í seo mo chéad chomhairle: gnóthaigh croí fíorghlan, lách, gealgháireach chun go mba leatsa flaitheas ársa, buanseasmhach, suthain.

2

A MHIC AN SPIORAID!

Is é an ceart is ansa liom; ná diúltaigh dó má tá dúil agat ionam, agus ná déan faillí ann le go ligfidh mé mo rún leat. Lena chuidiú sin, chífidh tú le do shúile féin agus ní trí shúile daoine eile, agus beidh fhios agat le d’eolas féin agus ní trí eolas do chomharsan. Taiscigh é seo i do chroí faoi mar ba chóir duit a bheith. Go deimhin is é an ceart mo thíolacadh duit agus comhartha mo thrócaire.

Cuir, dá bhrí sin, i bhfianaise do shúl é.

3

A MHIC AN DUINE!

Faoi chaille mo bheatha imchéine agus faoi shíoraíocht ársa mo shaoil d’aithin mé mo ghrá duit; ar an ábhar sin, chruthaigh mé tú, ghrean mo dhealbh ort agus d’fhoilsigh mo scéimh duit.

4

A MHIC AN DUINE!

Bhí grá agam do do chruthú, mar sin de chruthaigh mé tú. Dá bhrí sin, bíodh grá agat dom, chun go ngairfidh mé d’ainm agus go líonfaidh mé d’anam le spiorad na beatha.

5

A MHIC AN tSAOIL!

Bíodh grá agat dom le go mbeidh grá agam duitse.

Mura mbíonn grá agat dom, ní fhéadann mo ghrá tú a shroichint ar aon chor. Bíodh fhios agat é seo, a sheirbhíseach!

6

A MHIC AN tSAOIL!

Is é mo ghrá do pharthas; is athaontú liomsa d’áit chónaí neamhaí. Téigh isteach ann agus ná déan moill. Is é seo atá ullmhaithe agam duit inár ríocht thuas agus inár dTiarnas ardaithe.

7

A MHIC AN DUINE!

Má tá grá agat dom, diúltaigh duit féin agus má dhéanann tú mo thoil a lorg ná bíodh cás agat i do thoil féin le go bhfaighidh tú bás ionamsa agus go mbeidh mé beo ionatsa go síoraí.

8

A MHIC AN SPIORAID!

Níl síocháin ar bith i ndán duit ach amháin má thréigeann tú tú féin agus iompú i mo threo; óir is cóir duit glóir a dhéanamh i m’ainmse, ní i d’ainm féin, agus muinín a chur ionamsa, ní ionat féin, mar is mian liom tú grá a bheith agat dom féin amháin os cionn a bhfuil ann.

9

A MHIC AN tSAOIL!

Is é mo ghrá mo dhídean; is slán sábháilte an té a théann isteach ann, agus an té a iompóidh uaidh, rachaidh sé ar seachrán go deimhin agus millfear é.

10

A MHIC NA hURLABHRA!

Is tú mo dhídean; téigh tusa isteach ann chun go mbeidh tú i do chónaí slán ansin. Is ionatsa a bhíonn mo ghrá, faigh eolas air seo le go bhfaighidh tú i bhfogas duit mé.

glory in My name, not in thine own; to put thy trust in Me and not in thyself, since I desire to be loved alone and above all that is.

11

A MHIC AN tSAOIL!

Is tú mo lóchrann agus tá mo sholas ionat. Faigh tusa do loinnir uaidhsean agus ná hiarr neach eile ach mé. Óir is saibhir a chruthaigh mé tú agus tá m’fhabhar doirte ort go flaithiúil.

12

A MHIC AN tSAOIL!

Le lámha na cumhachta rinne mé tú agus le méara an nirt chruthaigh mé tú; agus is ionat a chuir mé bunús mo sholais. Bí sásta leis agus ná hiarr aon ní eile, óir tá m’obair foirfe agus tá m’aithint ceangailteach. Ná ceistnigh ina taobh, agus ná bíodh amhras ort fúithi.

13

A MHIC AN SPIORAID!

Is saibhir a chruthaigh mé tú. Cad chuige a dtugann tú tú féin síos go bochtaineacht? Is uasal a rinne mé tú. Cad leis a n-íslíonn tú tú féin? As bunús an eolais bheoigh mé tú. Cén fáth a n-iarrann tú tuiscint ó dhuine eile seachas mé? As cré an ghrá mhúnlaigh mé tú, conas a bhíonn tú ag gabháil d’aon duine eile? Iompaigh do shúil ort féin, chun go bhfaighidh tú mé i mo sheasamh ionat, cumhachtach, neartmhar agus féinchothaitheach.

14

A MHIC AN DUINE!

Is tú mo thiarnas agus ní scriostar mo thiarnas.

Cad chuige ar baol duit do scrios? Is tú mo sholas agus ní mhúchfar mo sholas go deo. Cén fáth a bhfuil uamhan ort roimh do mhúchadh? Is tú mo ghlóir agus ní mheathann mo ghlóir; is tú m’fhallaing agus ní ídeofar m’fhallaing go deo.

Mair, mar sin, de réir do ghrá dom, chun go bhfaighidh tu i ríocht na glóire mé.

15

A MHIC NA hURLABHRA!

Cas d’aghaidh le m’aghaidhse agus diúltaigh d’aon duine eile ach dom féin; óir maireann mo fhlaitheas go síoraí agus ní thiocfaidh críoch ar mo thiarnas go deo. Má iarrann tú neach eile seachas mé, is ea! má chuartaíonn tú an chruinne go bráth is in aisce a bheidh do chuardach.

16

A MHIC AN tSOLAIS!

Déan dearmad ar an uile rud seachas mé agus déan caidreamh le mo spiorad. Cuid riachtanach de m’aithne é sin. Dá bhrí sin tiontaigh tusa chuici!

17

A MHIC AN DUINE!

Bí tusa sásta liom agus ná hiarr cúntóir eile ach mé óir ní fhéadfaidh neach eile ach mé tú a shásamh go deo.

18

A MHIC AN SPIORAID!

Ná hiarr orm an rud nach mian linn a bheith agat!

Bí sásta, mar sin, lena bhfuil ordaithe againn ar do shonsa óir is é seo do leas más leor leat é.

19

A MHIC NA FÍSE ÉACHTAÍ!

Chuir mé anáil de mo spiorad féin isteach ionat le go mbeifeá i d’fhear grá agam. Cad chuige ar thréig tú mé agus leannán eile seachas mé a lorg?

20

A MHIC AN SPIORAID!

Is mór m’éileamh ort: ní féidir é a ligean i ndearmad. Is flúirseach mo ghrásta duit: ní féidir é a fholach. Rinne mo ghrá a áit chónaí ionat: ní féidir é a cheilt. Is follas duit mo sholas ní féidir é a dhorchú.

21

A MHIC AN DUINE!

Ar chrann na glóire lonraí chroch mé fíorscoth na dtorthaí duit. Cad chuige ar thiontaigh tú uathu agus bheith sásta le rud nach bhfuil chomh maith céanna? Fill mar sin ar an ní is fearr duit sa ríocht thuas!

22

A MHIC AN SPIORAID!

Is uasal a chruthaigh mé tú, agus ina dhiaidh sin féin d’ísligh tú tú féin. Éirigh, dá bhrí sin, chun an ní ar cruthaíodh dó tú!

23

A MHIC AN ARD-CHEANNASAIGH!

Go dtí an rud atá suthain a ghlaoim ort teacht.

Mar sin féin iarrann tú an rud atá díomuan Cad é a thug ort casadh ar leataobh ón rud is mian linn agus do mhian féin a lorg?

24

A MHIC AN DUINE!

Ná sáraigh an teorainn atá leagtha síos duit agus ná héiligh an ní nach cuí duit! Umhlaigh os comhair ghnúis Dé, Tiarna nirt agus cumhachta!

25

A MHIC AN SPIORAID!

Ná déan mórtas i láthair na mbocht óir fhad is a threoraím ar a mbealach iad dearcaim ortsa i do dhroch-chás agus cuirim mearadh ort go síoraí.

26

A MHIC AN tSAOIL!

Conas a d’fhéad tú dearmad a dhéanamh ar do lochta féin agus bheith ag gabháil de lochta cách?

Tá mo mhallachtsa ar an té a dhéanann amhlaidh.

27

A MHIC AN DUINE!

Ná lig thar d’anáil peacaí cách fhad is a bhíonn tú féin i do pheacach. Dá sárófá an aithne seo, is mallaithe a bheifeá agus ina thaobh seo déanaimse féin fianaise.

28

A MHIC AN SPIORAID!

Bí deimhin de: an té a deir le daoine bheith fíréanta agus a dhéanann éagóir é féin, ní liomsa é cé go dtugtar air m’ainm.

29

A MHIC AN tSAOIL!

Ná cuir i leith anam ar bith an ní nár mhian leat bheith curtha i do leithse, agus ná habair an ní nach ndéanann tú. Is í seo mo chomhairle duit, comhlíon tusa í.

30

A MHIC AN DUINE!

Ná diúltaigh do mo sheirbhíseach, má iarrann sé aon ní ort, óir is í m’aghaidhse a aghaidh; dá bhrí sin, bíodh cotadh ort romham.

31

A MHIC AN tSAOIL!

Iarr tuairisc ort féin gach aon lá sula nglaofar chun cuntais ort, óir tiocfaidh an bás ort go formhothaithe, agus éileofar cuntas do ghníomhartha ort.

32

A MHIC AN ARD-CHEANNASAIGH!

Rinne mé den bhás teachtaire lúchára duit. Cén fáth a ndéanann tú dobrón? D’fhoilsigh mé niamhracht an tsolais ort. Cad chuige a bhfialaíonn tú tú féin uirthi?

33

A MHIC AN SPIORAID!

Le scéala aoibhinn an tsolais a bheannaím duit:

déan gairdeas! Go cúirt na naofachta glaoim ort teacht; déan cónaí inti le go mairfidh tú faoi shíocháin go bráth.

34

A MHIC AN SPIORAID!

Tugann spiorad na naofachta scéala aoibhinn an athaontaithe duit; cad chuige a ndéanann tú dobrón? Daingníonn spiorad na cumhachta ina Chúis tú; cad chuige a bhfialaíonn tú tú féin?

Treoraíonn solas a Ghnúise tú; conas is féidir leat dul ar seachrán?

35

A MHIC AN DUINE!

Ná caoi ach amháin mar go mbíonn tú i bhfad uaim. Ná bíodh áthas ort ach amháin mar go mbíonn tú ag druidim liom agus ag filleadh ormsa.

36

A MHIC AN DUINE!

Déan gairdeas le haoibhneas do chroí le go mb’fhiú tú casadh liom agus m’áilleacht a thaispeáint uait.

37

A MHIC AN DUINE!

Ná bain díot m’fhallaing sciamhach agus ná caill do chuid as m’fhuarán éachtach ar eagla tart a bheith ort go deo.

38

A MHIC AN tSAOIL!

Siúil i mo reachta ar mhaithe le mo ghrá-sa agus diúltaigh don ní is ansa leat féin más mian leat teacht chun mo thola.

39

A MHIC AN DUINE!

Ná déan faillí im aithintí má tá grá agat do mo scéimh, agus ná déan dearmad ar mo chomhairlí más mian leat teacht chun mo thola.

40

A MHIC AN DUINE!

Dá n-imeofá tríd ollmhéid an spáis agus dul trasna fairsinge neimhe ní bhfaighfeá aon suaimhneas ach tú géilleadh dár n-aithne agus bheith umhal os comhair ár nGnúise.

41

A MHIC AN DUINE!

Déan mo Chúis a mhóradh le go bhfoilseoidh mé duit rúndiamhra mo mhórgachta agus le go ndealróidh mé ort le solas na síoraíochta.

42

A MHIC AN DUINE!

Umhlaigh tú féin i m’fhianaise chun go bhféachfaidh mé ort go ceansa. Éirigh ar scáth bhua mo chúise, le go mbéarfaidh tú an chraobh, agus tú ar talamh go fóill.

43

A MHIC AN tSAOIL!

Trácht orm ar mo thalamh chun go gcuimhneoidh mé ort ar mo neamh; is amhlaidh a thabharfar sólás do do shúile agus do mo shúilese.

44

A MHIC NA RÍCHATHAOIREACH!

Is í d’éisteacht m’éisteachtsa: cluin tusa léi! Is é do radharc mo radharcsa: féach tusa leis, chun go dtabharfaidh tú fianaise i d’anam istigh i dtaobh mo naofachta ardaithe agus go dtabharfaidh mise fianaise istigh ionam féin i dtaobh céimíocht ardaithe faoi do choinnese.

45

A MHIC AN tSAOIL!

Iarr bás an mhairtírigh i mo chosán, sásta le mo thoil agus buíoch as a bhfuil agam le go luífidh tú liom faoi cheann bhrat na maorgachta ar chúl thaibearnacal na glóire.

46

A MHIC AN DUINE!

Meabhraigh agus déan machnamh! An é is mian leat bás a fháil ar do leaba ná fuil do bheatha a dhoirteadh ar an luaith mar mhairtíreach i mo Chosán ag déanamh díot féin, dá bharr, taispeánadh ar m’aithne agus foilsitheoir mo thola sa pharthas is airde? Tabhair breith air mar is ceart, a sheirbhíseach!

47

A MHIC AN DUINE!

Dar m’áilleacht! Is mó liom dath na fola ar do ghruaig ná cruthú na cruinne go léir agus ná solas an dá shaol. Déan iarracht a leithéid a chur i gcrích, a sheirbhíseach!

48

A MHIC AN DUINE!

Tá comhartha ann do gach aon ní. Is é comhartha an ghrá buanseasmhacht in aghaidh mo reachta agus foighne le mo ghearrtha.

49

A MHIC AN DUINE!

Bíonn an fíorfhear grá ag tnúth le dólás mar a bhíonn an ceannairceach ag tnúth le maithiúnas agus an peacach le trócaire.

50

A MHIC AN DUINE!

Mura n-éiríonn anachain duit i mo chosán conas a fhéadann tú siúl i slite an dreama úd atá sásta le mo thoil? Mura gcuirtear féachaint ort agus tú ag dúil le casadh liom conas a bhainfidh tú amach an solas ar mhéid do ghrá ar m’áilleacht?

51

A MHIC AN DUINE!

Is é mo thubaiste m’oirchill. Ar an taobh amuigh tine agus díoltas atá ann ach ar an taobh istigh is solas agus trócaire é. Deifrigh chuige le go ndéanfar solas síoraí agus spiorad neamhbhásmhar díot. Is é seo m’aithne duit. Comhlíon tusa í!

52

A MHIC AN DUINE!

Má bhaineann an séan duit, ná bíodh áthas ort, agus má thagann an uirísliocht ort, ná déan dobrón, óir rachaidh siad thart araon agus ní bheidh siad ann feasta go deo.

53

A MHIC AN tSAOIL!

Má thagann bochtanas ort ná bíodh brón ort, óir tiocfaidh Tiarna an tsaibhris ar cuairt ort le himeacht aimsire. Ná bíodh eagla ort roimh an uirísleacht, óir suífidh an ghlóir ort lá éigin feasta.

54

A MHIC AN tSAOIL!

Má tá dúil do chroí agat sa tiarnas síoraí, bithbheo agus sa bheatha sheanda, shuthain seo tréig an flaitheas básmhar, neamhbhuan seo.

55

A MHIC AN tSAOIL!

Ná bí ag gabháil den saol seo, mar is le tine a fhéachaimid an t-ór agus is le hór a fhéachaimid ár seirbhísigh.

56

A MHIC AN DUINE!

Iarrann tú an t-ór agus iarraimse tú a bheith fuascailte uaidh. Síleann tú go bhfuil tú saibhir agus é i do sheilbh agat: aithnímse do shaibhreas ina éamais. Dar mo bheatha! is é seo m’eolas-sa agus is é sin do sheachmall; conas is féidir le mo shlí-se réiteach le do shlí-se?

57

A MHIC AN DUINE!

Bronn mo shaibhreas ar mo bhoicht chun go dtarraingeoidh tú as stórtha niamhrachta síorúra agus as ionmhais glóire dochaite. Ach dar mo bheatha! d’anam a thabhairt suas, tá sé sin níos glórmhaire, dá mba rud é go bhféadfá tusa feiscint le mo shúilse.

58

A MHIC AN DUINE!

Is é teampall na beatha mo ríchathaoirse; glan ón uile ní é le go mb’ann a shuífear mé agus le go mb’ann a chónóidh mé.

59

A MHIC AN tSAOIL!

Is é do chroí m’áit chónaí; coisreac i gcóir mo thuirlingthe é. Is é do spiorad m’áit taispeánta, glan faoi choinne m’fhoilsithe é.

60

A MHIC AN DUINE!

Cuir do lámh isteach i m’ucht le go n-éireoidh mé lonrach, dealraitheach os do chionn.

61

A MHIC AN DUINE!

Ardaigh chun mo Neimhe, le go mbeidh aoibhneas an athaontaithe agat agus le go n-ólfaidh tú an fíon éagasamhalta ó chailís na glóire dochaite.

62

A MHIC AN DUINE!

Is iomaí lá a d’imigh tharat le linn duit bheith ag gabháil de do mhianta agus de do shamhlacha baotha. Cén fhad a bheidh ort codladh a dhéanamh ar do leaba? Tóg do cheann ó do shuan óir tá an ghrian i ndiaidh a buaic a shroichint. B’fhéidir go soilseoidh sí ort le solas na háilleachta.

63

A MHIC AN DUINE!

Tá an solas i ndiaidh dealrú ort ó bhun spéire an Chnoic Bheannaithe agus spiorad an fheasa i ndiaidh a anáil a chur i Síoná do chroí. Dá bhrí sin saor tú féin ó fhiala na samhlacha baotha agus tar isteach i mo chúirt, le go dtuillfidh tú an bheatha shíoraí agus le go mb’fhiú tú le go gcasfaí orm tú.

Sa tslí sin ní thiocfadh an bás ort, ná tuirse ná dobrón.

64

A MHIC AN DUINE!

Is í mo shíoraíocht mo chruthú: is duitse a chruthaigh mé í. Déan éide do theampaill di! Is í m’aontacht m’obair láimhese: is duitse a rinne mé í; feistigh tú féin léi le go mbeidh tú, trí shaol na saol, i do thaispeánadh ar mo bheatha shíoraí.

65

A MHIC AN DUINE!

Is í mo mhaorgacht mo bhronntanas duit agus tá mo mhórgacht ina comhartha ar mo thrócaire duit. Ní thuigfidh aon duine an rud is cuí liom ná ní bheidh ar a chumas a leithéid a aithris. Go deimhin, rinne mé é a chaomhnú i mo thaiscí folaithe agus i gcistí m’aithne mar chomhartha ar mo chineáltas grách do mo sheirbísigh agus ar mo thrócaire do mo phobal.

66

A CHLANN NA BRÍ DIAGA DOFHEICTHE!

Coiscfear oraibh grá a thabhairt dom agus buairfear anamacha le linn dóibh trácht a dhéanamh ormsa, óir ní féidir leis an intleacht mé a thuiscint ná ní féidir leis an gcroí mé a thimpeallú.

67

A MHIC NA hÁILLEACHTA!

Dar mo spiorad agus dar m’fhabhar! Dar mo thrócaire agus dar m’áilleacht! Tá gach ar fhoilsigh mé duit le teanga na cumhachta agus gach ar scríobh mé duit le peann an nirt de réir do chumais agus do thuisceana agus ní de réir mo staide ná shéis mo ghutha.

68

A SHÍOL ÁDHAIMH!

Nach bhfiul fhios agaibh cad chuige ar chruthaigh sinn den luaith chéanna sibh? Ionas nach n-ardódh aon duine é féin os cionn duine eile. Machnaígí de shíor i bhur gcroí istigh conas a cruthaíodh sibh.

Ós rud é gur chruthaigh sinn den ábhar ceannann céanna sibh tá de dhualgas oraibh bheith mar a bheadh aon anam amháin ann, siúl leis na cosa céanna, ithe leis an mbéal céanna agus cónaí sa tír chéanna, chun go bhfoilseofar comharthaí na haontachta agus bunús an scartha ó bhur gcroí istigh de bharr bhur n-oibreacha agus bhur ngníomhartha. Is mar sin a chomhairlím daoibh.

A chomhthionól an tsolais! Tugaigí aird ar an gcomhairle seo le go bhfaighidh sibh toradh na naofachta ó chrann na glóire iontaí.

69

A MHACA AN SPIORAID!

Is sibhse mo maoinchiste óir is ionaibh atá taiscthe péarlaí mo rúndiamhra agus seoda m’eolais. Déan iad a chosaint ar na coimhthígh i measc mo phobail.

70

A MHIC AN TÉ A SHEAS TRÍNA BHRÍ FÉIN I RÍOCHT A BHEATHA FÉIN!

Bíodh fhios agat gur shéid mé cumhracht na huile naofachta ort, go bhfuil iomlán mo bhriathra taispeánta duit, go bhfuil m’fhéile tugtha chun foirfeachta tríot agus gur iarr mé duitse gach ar iarr mé dom féin. Bí sásta, mar sin, le mo thoil agus bíodh buíochas agat orm.

71

A MHIC AN DUINE!

Scríobh gach ar fhoilsigh sinn duit le dúch an tsolais ar tháibléad do spioraid. Mura bhfuil sé sin ar do chumas déan do dhúch, mar sin, as do chroí istigh. Murar féidir leat é seo a dhéanamh scríobh, mar sin, leis an dúch craorag úd a doirteadh i mo chosán. Is aoibhne liom, go deimhin, é sin ná gach ní, le go mairfidh a sholas go bráth.

Persian

1

A SHLUA AG A bhFUIL INTINN LE BRATH AGUS CLUASA LE hÉISTEACHT!

Seo céad ghlao an fhir ghrá: a fhiliméala mhistigh!

Ná déan cónaí ach i rósarnach an spioraid. A theachtaire Sholamh an Ghrá! Ná hiarr dídean ar bith ach i Séabá an ghrá ghil agus a fhéinics shuthain ná mair ach ar chnoc na dílseachta. Is ann atá d’áitreabh má théann tú ar eitilt ar sciatháin d’anama go ríocht na síoraíochta agus má iarrann tú do chuspóir a bhaint amach.

2

A MHIC AN SPIORAID!

Iarrann an t-éan a nead; iarrann an filiméala draíocht an róis ach an t-éan úd, croí an duine, le linn dó bheith sásta leis an smúr nach maireann, tá sé imithe ar seachrán óna nead shíoraí agus, na súile tiontaithe ar leataobh aige i dtreo dhuibheagán na neamh-aire, d’fhág an láthair dhiaga ina dhiaidh. Faraor! nach aisteach, náireach mar scéal é; ar gan ach lán cupáin, thiontaigh sé ó bhrúchtanna farraigí an Té is Ró- Airde agus d’fhan i bhfad ó bhun spéire róniamhrach.

3

A CHARA!

I ngairdín do chroí ná cuir ach rós an ghrá agus d’fhiliméala an cheana agus na páirte ná scaoil do ghreim. Bíodh meas thar luach agat ar chomrá- daíocht na bhfíréan agus seachain gach cumann leis an dream aindiaga.

4

A MHIC AN CHIRT!

Cén áit ar féidir le fear grá dul ach go tír a leannáin? Agus cén cuardaitheoir a fhaigheann suaimhneas as láthair mhian a chroí. Dar leis an bhfíorshuiríoch gur beatha é an t-athaontú agus gur bás é an dealú. Bíonn a bhrollach folamh ó fhoighne agus ní bhíonn síocháin ar bith ina chroí.

An iliomad beatha a thabharfadh sé suas le go ndeifreodh sé chun áitreabh a leannáin.

5

A MHIC NA LUAITHE!

Go deimhin deirimse leat: ar na daoine uile is é is mainneachtnaí an té a dhéanann conspóid gan bhun agus a iarrann ardú céime a fháil thar a bhráthair. Abair: a bhráithre, bíodh gníomhartha, ní briathra, mar mhaisiú agaibh.

6

A MHIC NA CRÉ Bíodh fhios agat, go deimhin, an croí ina bhfanann fuíoll éada dá laghad, ní thiocfaidh sé ar mo thiarnas síoraí go deo, ná ní bhfaighidh sé boladh cumhra na naofachta ag séideadh ó ríocht mo bheannaitheachta.

7

A MHIC AN GHRÁ!

Níl tú ach coiscéim amháin ó na harda glórmhara thuas agus ó chrann neamhaí an ghrá. Tug coiscéim amháin agus den dara ceann téigh ar aghaidh isteach sa ríocht shuthain agus gabh isteach i bpailliún na síoraíochta! Tug éisteacht mar sin dá bhfuil foilsithe ag peann na glóire!

8

A MHIC NA GLÓIRE!

Bí dian i gcosán na naofachta agus téigh isteach i neamh mo chaidrimh. Glan do chroí le snas an spioraid agus deifrigh chun cúirt an Té is Ró-Airde!

9

A SCÁILE GHEARRSHAOLACH!

Fág staid shuarach an amhrais i do dhiaidh agus téigh suas go dtí arda sárcheannasacha na deimhneachta!

10

A MHIC NA hAINMHÉINE!

Éist leis seo: ní aithneoidh súil bhásmhar an scéimh shíoraí go bráth, ná ní thabharfaidh an croí neamhbheo taitneamh d’aon ní ach don bhláth seargtha, óir lorgaíonn gach ní a mhacasamhail agus baineann sult as cuideachta a leithéide féin.

11

A MHIC NA LUAITHE!

Dall do shúile le go bhféachfaidh tú ar m’áilleacht; dún do chluasa le go n-éistfidh tú le séis bhinn mo ghlóir; folmhaigh tú féin ón uile fhoghlaim le go bhfaighidh tú do chuidse de m’eolas; agus déan tú féin a choisreacan ar an maoin le go bhfaighidh tú páirt mharthanach d’aigéan mo shaibhris shíoraí.

Dall do shúile, a deirim, ar an uile ní ach m’áilleacht; dún do chluasa ar an uile ní ach mo bhriathar; folmhaigh tú féin ón uile fhoghlaim ach m’eolas-sa ionas go mbeidh radharc glinn, croí glan agus cluas aireach agat agus tú ag dul isteach i gcúirt mo naofachta.

12

A MHIC AN DÁ RADHARC!

Dún súil amháin agus oscail an ceann eile. Dún súil ar an saol agus ar a bhfuil ann agus oscail an dara súil ar scéimh naofa an Fhir Ghrá!

13

A CHLANN!

Is é m’eagla má chailleann sibh séis coilm neimhe, go dtitfidh sibh siar faoi scáthanna na cailliúna iomláine agus, gan féachaint duit choíche ar áilleacht an róis, go bhfillfidh sibh ar an uisce agus ar an gcréafóg.

14

A CHAIRDE!

Ná tréigigí an áilleacht shíoraí ar mhaithe le háilleacht a chaithfidh dul in éag agus ná suígí bhur gcion ar shaol suthain seo na luaithe.

15

A MHIC AN SPIORAID!

Tá an uair ag teacht nach nochtfaidh filiméala na naofachta feasta na rúndiamhra ceilte agus bainfear díbh go léir an tséis spéartha agus an guth ó neamh.

16

A SHAMHAIL NA NEAMH-AIRE!

Labhraíonn an iliomad teanga mhistiúil in aon urlabhra amháin agus nochtar rúndiamhra do- áirimh san aon séis; ach faraor! níl cluas ann a éistfidh ná croí a bhraithfidh.

17

A CHOMRÁDAITHE!

Tá na geataí ar leathadh a osclaíonn amach ar an Do-Chuimsitheach agus tá áitreabh an Leannáin maisithe le fuil lucht an ghrá. Ina ainneoin sin níor bhain ach an beagán an chathair neamhaí amach agus fiú ar an mbeagán sin ní bhfuarthas ach an dream is lú a bhfuil croí glan agus spiorad beannaithe acu.

18

A ÁITRITHEOIRÍ AN PHARTHAIS RÓ-AIRDE!

Fógraígí do chlann na dearfachta gur nochtadh taobh istigh de ríocht na naofachta in aice an pharthais neamhaí gairdín nua a dtéann cónaítheoirí na bhFlaitheas agus áititheoirí an pharthais ardaithe timpeall air. Déanaigí iarracht, mar sin, le go mbainfidh sibh an chéim sin amach, go dtabharfaidh sibh chun solais rúndiamhra grá óna bhláithíní agus go bhfoghlaimeoidh sibh rún na heagna diaga, foirfe óna thorthaí síoraí. Is sólás é do shúile an dreama a théann isteach agus a mhaireann ann.

19

A CHAIRDE!

An é go bhfuil dearmad déanta agaibh ar an maidin fhíor, lonrach úd a raibh sibh cruinnithe i mo láthair i dtimpeallacht naofa, bheannaithe na háite faoi scáth chrann na beatha a cuireadh sa pharthas uileghlórmhar? Faoi scanradh a d’éist sibh liom agus mé ag cur in iúl na dtrí bhriathar rónaofa seo: A chairde! ná roghnaígí bhur dtoil féin thar mo thoilse, ná hiarraigí an ní nár iarr mise daoibh agus ná druidigí i mo leith agus croí neamhbheo agaibh, é truaillithe le mianta díombuana agus le dúil shaolta. Dá mba rud é go ndéanfadh sibh bhur n-anamacha a choisreacan, chuimhneodh sibh san am atá i láthair ar an áit agus ar an timpeallacht úd agus nochtfaí fírinne mo chainte daoibh go léir.

San ochtú líne de na línte rónaofa i gcúigiú Táibléad Parthais is é a deirtear:

20

A DHAOINE A BHÍONN I BHUR LUÍ MAR MHAIRBH AR IOMAÍ NA NEAMH-AIRE!

Chuaigh na cianta thart agus ní mór nach bhfuil bhur mbeatha luachmhar críochnaithe; mar sin féin, níor shroich oiread agus puth amháin glaineachta uaibh go cúirt ár naofachta. Cé go bhfuil sibh báite in aigéan an mhíchreidimh, admhaíonn sibh, dá ainneoin sin, le bhur mbeola aon chreideamh Dé. An té ar a bhfuil gráin agam, ghráigh sibh é agus is le mo namhaid a cheangail sibh páirt. Ach cheana, siúlann sibh ar mo thalamhsa agus sibh bogásach, sásta libh féin, gan aire ar í a bheith cortha díbh agus gach aon In the eighth of the most holy lines, in the fifth Tablet of Paradise, He saith:

ní inti do bhur seachaint. Dá mba rud é go n-osclódh sibh bhur súile, b’fhearr libh, go deimhin, deich míle léan ná an lúcháir seo, agus mheasfadh sibh an bás féin a bheith níos fearr ná an bheatha seo.

21

A CHRUTH CORRAITHEACH NA LUAITHE!

Is mian liom caidreamh a dhéanamh leat, ach ní bheidh muinín ar bith agat asam. Tá crann do dhóchais treascartha ag claíomh do cheannairce.

Bímse i bhfogas duit de shíor, ach bíonn tú i gcónaí i bhfad uaim. Is glóir dhochaite a thogh mé duit ach is náire as cuimse a thogh tú duit féin. A fhad is atá an t-am agat, fill agus ná caill do chaoi!

22

A MHIC NA hAINMHÉINE!

Tá an dream atá foghlamtha, críonna ag iarraidh le blianta fada teacht i láthair an Té is UileGhlórmhar agus tá teipthe orthu; thug siad a saol dá thóraíocht ach, mar sin féin, níor fhéach siad ar áilleacht a ghnúise. Gan iarracht dá laghad tá do rún bainte amach agat agus gan cuardach ar bith tá an ceann sprice sroichte agat. Ina dhiaidh sin is uile mhair tú chomh timpeallaithe sin le fial do nádúir féin nár fhéach do shúile ar áilleacht an Leannáin ná nár bhain do lámh d’fháithim a fhallainge. A shlua a bhfuil súile agaibh féachaigí agus déanaigí iontas!

23

A ÁITRITHEOIRÍ CHATHAIR AN GHRÁ!

Tá séideáin shuthaine ag gabháil den choinneal shíoraí agus tá áilleacht an mhacaoimh neamhaí fialaithe faoi dhorchadas na luaithe. Tá éagóir déanta ag lucht an ansmachta ar phríomhfhlaith an ghrá agus tá colm na naofachta ina luí i ngéibheann faoi ingne ulchabhán. Tá áitritheoirí phailliún na glóire agus an slua neamhaí ag caoi agus ag olagón fhad agus atá sibhse ag déanamh suaimhnis i ríocht na neamh-aire agus sibh do bhur meas féin bheith ar na cairde fíora. Nach baoth a samhlaíonn sibh daoibh féin!

24

A DHREAM ATÁ AMAIDEACH ACH A bhFUIL CÁIL NA hEAGNA ORAIBH!

Cén fáth a gcaitheann sibh feisteas tréadaithe nuair atá sibh i ndiaidh dul i riocht mac tíre den taobh istigh agus sibh leagtha ar mo thréad? Tá sibh mar a bheadh réalta ann a éiríonn roimh bhánú an lae agus, cé go bhfuil cuma lonrach, dhealraitheach uirthi, a chuireann taistealaithe mo chathrach ar seachrán isteach i slite ifrinn.

25

A DHREAM AR A bhFUIL CUMA BHREÁ ACH ATÁ BRÉAN ISTIGH!

Tá sibh cosúil le huisce atá gléineach ach go bhfuil sé searbh, a bhfuil cuma fíoruisce ghléighil air den taobh amuigh ach nuair a fhéachann an Measúnóir diaga é nach nglacfaidh sé le hoiread is deoir amháin de. Go deimhin, titeann an ga gréine ar an luaith agus ar an scáthán mar an gcéanna ach tá difríocht eatarthu seo maidir leis an scáil a chaitheann siad air faoi mar atá idir an réalta agus an chré. Ní hea, is dothomhaiste an difríocht atá eatarthu!

26

A CHARA IN AINM!

Déan machnamh tamall! Ar chuala tú riamh gur chóir go mairfeadh an cara agus an namhaid san aon chroí amháin? Caith amach an coimhthíoch, mar sin, le go rachaidh an Cara isteach ina bhaile.

27

A MHIC NA LUAITHE!

Tá gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh geallta agam duit diomaite de chroí an duine dá ndearna mé áit chónaí m’áilleachta agus mo ghlóire; ach thug tusa mo bhaile agus m’áitreabh do dhuine eile seachas mé. Agus cibé uair a d’iarr taispeánadh mo naofachta a áit chónaí féin ba dhuine stráinséartha a fuair sé ann agus dheifrigh sé féin, gan teach gan treibh, go dtí tearmann an Leannáin. Ina dhiaidh sin is uile, tá do rún coinnithe faoi cheilt agam agus ní raibh mé i bhfáthach le tú a náiriú.

28

A SHAMHAIL NA hAINMHÉINE!

Is iomaí maidin, le bánú an lae, a thiontaigh mé ó ríocht an Do-Chuimsithigh go dtí d’áitreabhsa agus fuair mé ar leaba do shócúlachta tú agus tú gafa le dream eile seachas mé féin. Leis sin, mar a bheadh splanc an spioraid ann, d’fhill mé ar ríocht na glóire neamhaí agus níor luaigh mé é le sluaite na naofachta i mo thearmann sna Flaithis.

29

A MHIC NA FÉILE!

As fásaigh na neamhní le húir mo chomhairle nocht mé tú agus d’ordaigh mé do d’oiliúint gach aon adamh dá bhfuil ann agus bunús na cruthaíochta. Dá thairbhe sin, sular tháinig tú as broinn do mháthar, cheap mé duit dhá thobar de bhainne lonrach, súile le faire os do chionn agus croí le tú a ghráú. De bharr mo charthanachta, faoi scáth mo thrócaire, chothaigh mé tú agus chosain mé tú de thairbhe mo ghrásta agus m’fhabhair. Ba é an cuspóir a bhí agam leis seo uile chun go dtiocfá ar mo thiarnas síoraí agus go dtuillfeá mo thíolaicí dofheicthe. Agus ina dhiaidh sin féin lean tú den neamhaird, rinne tú faillí, agus tú i mbun do mhéide, i mo thíolaicí agus chuaigh le do smaointe gan chéill i gcruth is gur éirigh tú neamartach amach is amach agus, ag aistriú ó ursain an Charad, gur chónaigh i gcúirteanna mo namhad.

30

A MHOGH DE CHUID AN tSAOIL!

Is iomaí maidin, le bánú an lae a shéid aithleá mo chineáltais ghrámhair tharat agus fuair tú i do chodladh go séimh ar leaba na neamh-aire. D’fhill sé leis sin, agus é ag caoi do cháis, ar an áit as ar tháinig sé.

31

A MHIC NA CRÉ!

Arbh áil leat mise bheith agat? Ná hiarr neach eile ach mé. Agus arbh áil leat féachaint ar m’áilleacht?

Dúin do shúile ar an saol agus ar a bhfuil ann. Óir ní fhéadann mo thoilse agus toil duine eile seachas mé, ach oiread le tine agus uisce, cónaí i dteannta a chéile san aon chroí amháin.

32

A CHOIMHTHÍOCH AN CHARADAIS!

Lasadh coinneal do chroí ag lámh mo chumhachta. Ná múch le frithghaotha an leithleasa agus na hainmhéine í. Is í mo chuimhnese cneasaí d’anró uile, ná dearmad í! Déan do mhaoin de mo Ghrá-sa agus cothaigh mar do radharc agus mar do bheatha féin é!

33

A BHRÁTHAIR!

Éist le briathra aoibhinne mo theanga milse agus ól deoch as sruthán na naofachta mistiúla ó mo bheola dá sileann deora mar a bheadh siúcra ann.

Cuir síolta na heagna diaga i gcré ghlan do chroí agus déan iad a fhliuchadh le huisce na cinnteachta le go dtiocfaidh buthaí m’eolais agus m’eagna chun cinn agus iad glas, úr i gcathair bheannaithe do chroí.

34

A LUCHT ÁITRIBH MO PHARTHAIS!

Le lámha na carthanachta tá crann óg do ghrá agus do pháirte curtha agam i ngairdín naofa an pharthais agus le dea-cheathanna mo ghrásta chineálta tá sé fliuchta; anois nuair atá uair a thorthaithe tagtha, déan tréaniarracht le go gcosnófar é agus gan é a ídiú ag lasair na dúile agus na hainmhéine.

35

A CHAIRDE!

Múchaigí lampa an mhearbhaill agus lasaigí i bhur gcroí istigh solas an eolais dhiaga. Óir tiocfaidh an t-am roimh i bhfad nach nglacfaidh measúnóirí an chine dhaonna i láthair Ghrá ar n-anama ach le fíréantacht ró-ghlan agus le gníomhartha beannaithe gan smál.

36

A MHIC NA LUAITHE!

Is den dream críonna iad siúd nach labhróidh go dtí go dtabharfar éisteacht dóibh faoi mar nach dtairgeoidh dáileamh a chupán go dtí go bhfaighidh sé duine a bheadh á iarraidh ná nach nglaofaidh fear grá amach ó íochtar a chroí go dtí go bhféachfaidh sé ar áilleacht a leannáin. Ar an ábhar sin cuir síolta na heagna agus an eolais i gcré ghlan an chroí agus coinnigh i bhfolach iad go dtí go dtiocfaidh buthaí na heagna diaga chun cinn sa chroí agus ní sa chré agus se láib.

37

A SHEIRBHÍSEACH!

Sa chéad líne den Táibléad is é atá scríofa agus curtha i gcuntas agus folaithe i dtaibearnacal Dé:

Ná tréig an tiarnas síoraí ar mhaithe leis an ní a rachaidh i léig agus ná cuir uait an flaitheas neamhaí ar mhaithe le hainmhian shaolta. Is í seo abhainn na beatha síoraí a ritheann ó thobar pheann an trócairigh. Is méanar dóibh siúd a ólann aisti.

38

A MHIC AN SPIORAID!

Réab d’éanadán as a chéile agus, mar a bheadh féinics an ghrá ann, éirigh in airde chun firmimint na naofachta. Diúltaigh duit féin agus, lán de spiorad na trócaire, déan cónaí i ríocht na beannaitheachta neamhaí!

39

A GHIN NA LUAITHE!

Ná sásaítear tú le sócúl an lae a imíonn tharat ná ná baintear suaimhneas síoraí díot! Ná malartaigh gairdín an aoibhnis shíoraí ar luaithreach an tsaoil bhásmhair. Ardaigh ó do phríosún go dtí cluainte glórmhara na bhflaitheas agus téigh ar eitilt ó d’éanadán básmhar go dtí parthas an Do-Chuimsithigh.

40

A SHEIRBHÍSEACH!

Saor tú féin ó chuibhreach an tsaoil seo agus scaoil d’anam ó phríosún an nádúir dhaonna! Tapaigh ar an deis atá agat óir ní thiocfaidh sí chugat arís go deo.

41

A MHIC MO BHANSEARBHÓNTA!

Dá bhféachfá ar an bhflaitheas bithbheo bheifeá ar do dhícheall le héalú ón saol neamhbhuan seo.

Ach is mistéir é nach bhféadfadh aon duine a thuiscint ach an té a bhfuil croí glan aige gur cheil sinn an chéim sin ort agus gur nocht an chéim seo eile.

42

A SHEIRBHÍSEACH!

Folmhaigh do chroí ó mhioscais agus, glan ó éad, téigh isteach i gcúirt dhiaga na naofachta!

43

A CHAIRDE!

Siúlaigí i slite dhea-thoil an Charad agus bíodh fhios agaibh gurb é is toil leis an ní atá ag teacht le toil a chuid créatúr. Is é sin: ná téadh duine ar bith isteach i dteach a charad ach le toil a charad, ná leagadh sé lámh ar a chuid maoine, ná déanadh sé rogha dá thoil féin thar thoil a charad ná ná déanadh sé iarracht suí ina bhun ar dhóigh ar bith. Déanaigí machnamh air sin, a lucht na tuisceana!

44

A CHOMRÁDAÍ MO RÍCHATHAOIREACH!

Ná héist leis an olc, agus ná féach ar an olc, ná hísligh tú féin, ná hosnaigh agus ná caoi! Ná labhair an t-olc chun nach gcluinfidh tú á labhairt leatsa é, agus ná déan áibhéil ar lochtanna cách le nach bhféachfaidh do lochtanna féin a bheith mór; agus ná hiarr ísliú aonduine chun nach nochtfar d’ísliú féin. Caith, dá bhrí sin, do shaol agus do laethe ar lú iad ná móimint neamhbhuan gan smál ar d’intinn.

45

FARAOR GÉAR! A LUCHT TÓRAÍOCHTA NA hAINMHÉINE SAOLTA!

Ar luas splanc tintrí d’imigh sibh thar an Leannán agus tá bhur gcroí leagtha ar mhianta diabhlaí.

Feacann sibh glúin do bhur samhlacha baotha agus glaonn an fhírinne orthu. Dearcann sibh ar an spíon agus tugann bláth air. Oiread is anáil ghlan amháin níor tharraing sibh ná níor séideadh feothan an scartha ó chluainte bhur gcroí. Scaip sibh chun na ngaoth comhairlí grámhara an Leannáin atá scriosta agaibh go huile agus go hiomlán ó tháibléad bhur gcroí agus, mar a bheadh beithígh an mhachaire ann, gluaiseann sibh agus caitheann sibh bhur saol taobh istigh de thalamh féaraigh na sainte agus na hainmhéine.

46

A BHRÁITHRE SA tSLÍ!

Cad chuige an ndearna sibh faillí in ainm an leannáin a lua agus ar sheachain sibh a thearmann beannaithe? Tá bunús na háilleachta taobh istigh den phailliún éagsamhalta ina shuí ar ríthchathaoir na glóire fhad agus atá sibhse ag gabháil d’achrainn gan chéill. Tá boladh cumhra na naofachta á leathnú amach agus leoithne na féile á séideadh ach is é rud atá sibhse cráite go géar agus na nithe sin caillte agaibh. Faraor daoibhse agus don dream a leanann de bhur slí!

47

A CHLANN NA hAINMHÉINE!

Cuirigí uaibh éide na glóire baoithe, agus bainigí díbh feisteas an uabhair!

Scríofa agus curtha i gcuntas sa tríú líne de na línte rónaofa sa Táibléad Rúibíneach le peann an Do-Fheicthe tá sé seo taispeánta:

48

A BHRÁITHRE!

Bígí fadfhulangach lena chéile agus ná suígí bhur gcroí ar na nithe thíos. Ná bígí mórtasach as bhur nglóir, ná ná bíodh náire oraibh as an uirísleacht!

Dar mo scéimh! Tá gach rud dá bhfuil ann cruthaithe agam as an gcré, agus is don chré a thabharfaidh mé ar ais iad.

49

A CHLANN NA LUAITHE!

Insígí do lucht an airgid osnaíl na mbocht i lár na hoíche, ar eagla go seoltar iad siúd isteach i gcosán an bhasctha agus go mbainfear Crann an tSaibhris díobh. Is de mo chomharthaí bronnadh agus bheith flaithiúil: is méanar don té a mhais- íonn é féin le mo bhuanna.

50

A CHROÍ NA hAINMHÉINE!

Leag thart gach uile shaint agus déan an tsástacht a lorg; óir baintear i gcónaí den duine santach agus tugtar grá agus moladh i gcónaí don duine sásta.

51

A MHIC MO BHANSEARBHÓNTA!

Ná bí buartha faoi anás ná teann as saibhreas mar leanann an saibhreas an t-anás agus leanann an t-anás an saibhreas. Ach is tíolacadh éachtach é bheith bocht insan uile ní ach Dia. Ná tarcaisnigh é mar déanfaidh sé saibhir i nDia tú i ndeireadh na dála agus is uaidh sin a thuigfidh tú brí na cainte, ‘Go deimhin is sibhse na boicht’, agus beidh na briathra beannaithe: ‘Is é Dia an tUile-Shealbhach’, mar a bheadh an mhaidin fhíor ann, ag gealadh go glórmhar faoi bhun spéire chroí an fhir ghrá, agus suífidh siad go daingean ar ríchathaoir an ollmhaithis.

52

A CHLANN NA FAILLÍ AGUS NA hAINMHÉINE!

Cheadaigh sibh do mo namhaid teacht isteach i mo theach agus tá mo chara díbeartha agaibh mar chumhdaigh sibh grá ar neach eile seachas mé i bhur gcroí. Éistígí le cainteanna an Charad agus tiontaígí i dtreo a pharthais. Tá an chuma ar chairde saolta, agus iad ar mhaithe leo féin, go bhfuil grá acu dá chéile ach b’ar mhaithe libh féin a bhí grá ag an gCara fíor daoibh riamh, mar atá i gcónaí. Go deimhin féin, d’fhulaing sé léanta do- áirimh le go ndéanfadh sé sibh a threóru. Ná bígí mídhílis dá leithéid de Chara, ní hea ach deifrígí chuige. Dá mhacasamhail atá grian bhriathar na fírinne agus na dílseachta atá i ndiaidh gealadh os ceann bun spéire pheann Thiarna an Uile Ainm.

Osclaígí bhur súile le go n-éistfidh sibh le briathar Dé, an Cúntóir i mbaol, an Féin-Mharthanach.

53

A DHAOINE A DHÉANANN MÓRTAS AS SAIBHREAS DUTHAIN!

Bíodh fhios agaibh go deimhin gur constaic ollmhór é an saibhreas idir an cuardaitheoir agus a mhian, idir an fear grá agus a ionúin. Lucht an rachmais, ach amháin dream beag, ní shroichfidh siad cúirt a láthrach in aon chor ná ní rachaidh siad isteach i gcathair na sástachta agus na géilliúlachta. Is méanar, mar sin, don té, cé gur saibhir é, nach gcuirfidh a shaibhreas a bhac air dul isteach sa ríocht shíoraí, ná nach mbainfidh tiarnas dochaite de. Dar an Ainm Ró-Mhór! soilseoidh niamhracht a leithéid de dhuine saibhir lucht áitribh neimhe faoi mar a thugann an ghrian solas do chiníocha an domhain.

54

A DHAOINE SAIBHRE AN DOMHAIN!

Is é mo chúram na boicht i bhur measc; cosnaígí mo chúram, agus ná bígí leagtha ar bhur suaimhneas féin amháin.

55

A MHIC NA DÚILE MIRE!

Glan tú féin ó thruailliú an tsaibhris agus téigh chun tosaigh faoi shíocháin iomlán isteach i ríocht an bhochtanais le go n-ólfaidh tú deoch d’fhíon na beatha síoraí as tobar an scartha.

56

A MHIC LIOM!

Méadaíonn comhluadar an mhíchráifigh ar an mbrón ach is amhlaidh a ghlanann cuideachta na bhfíréan an mheirg den chroí. An té ar mian leis cumann a dhéanamh le Dia tugadh sé cuideachta lucht a pháirte air féin agus éisteadh sé le briathra a mhuintire tofa.

57

A MHIC NA LUAITHE!

Seachain! ná siúil leis na míchráifigh ná ná hiarr compánachas a dhéanamh leo, óir athraíonn an cineál sin compánachais loinnir an chroí go tine ifreanda.

58

A MHIC MO BHANSEARBHÓNTA!

An bhfuil tú ag iarraidh grásta an Spioraid Naoimh a bheith agat? Déan cuideachta leis an bhfíréan mar tá sé seo i ndiaidh ól as cupán na beatha síoraí ó lámha an Dáilimh neamhbhásmhair agus, mar a bheadh an mhaidin fhíor ann, tugann beocht do chroíthe na marbh agus soilsíonn orthu.

59

A DHAOINE GAN AIRD!

Ná bígí á cheapadh gur i bhfolach a bhíonn rúin an chroí, ní hea, ach bíodh fhios agaibh go deimhin gur i litreacha soiléire atá siad greanta agus nochta go follas sa láthair naofa.

60

A CHAIRDE!

Go deimhin, a deirimse, cibé ní atá ceilte agaibh i bhur gcroí istigh, tá sé sin ar oscailt dúinne agus chomh soiléir leis an lá; ach is trínár ngrásta agus ár bhfabhar atá sé folaithe agus ní de bhrí go raibh a leithéid tuillte agaibh.

61

A MHIC AN DUINE!

Aon deoir amháin as farraige dhuibheagánach mo thrócaire a dhoirt mé ar chiníocha an domhain ach ní bhfuair mé duine ar bith a thiontódh ina treo de bhrí gur chas an uile dhuine ó fhíon neamhaí na haontachta i dtreo dríodar bréan na neamhghlaine agus, as siocair é bheith sásta le cupán neamhbhuan, chuir siad uathu cailís na háilleachta síoraí. Is suarach an ní lena bhfuil siad sásta.

62

A MHIC NA LUAITHE!

Ná tiontaigh do shúile ó fhíon éagsamhalta an Leannáin bhithbheo agus iad a oscailt ar an dríodar bréan neamhbhuan. Glac ó lámha an Dáilimh dhiaga cailís na beatha síoraí le go bhfaighidh tú an uile eagna agus go n-éistfidh tú leis an nglór mistiúil ag gairm ó ríocht an Dofheicthe. Glaoigh os ard: a dhaoine ag a bhfuil an sprioc íseal! cad chuige ar thiontaigh sibh ó m’fhíon beannaithe bithbheo chuig uisce duthain?

63

A CHINÍOCHA AN DOMHAIN!

Bíodh fhios agaibh go deimhin go bhfuil tubaiste gan choinne do bhur leanúint agus go mbeidh éiric léanmhar le díol agaibh. Ná bígí ag smaoineamh go bhfuil bhur ngníomhartha folaithe ar mo shúile.

Dar mo scéimh! tá a bhfuil déanta agaibh greanta ag mo pheann i litreacha follasacha ar tháibléid chriosailíte.

64

A LUCHT GÉARLEANÚNA NA CRUINNE!

Tarraingígí bhur lámha ón ansmacht, óir táim faoi ghealltanas gan a leatrom a mhaitheamh d’aon duine. Seo é mo chonradh atá ordaithe gan athghairm agam sa táibléad cumhdaithe agus atá séalaithe le séala mo ghlóire.

65

A LUCHT CEANNAIRCE!

Rinne m’fhoighne ródhana sibh agus tá sibh neamh-aireach de bharr m’fhadfhulaingthe sa chruth gur spor sibh capall cogaidh tintrí na hainmhéine chun slite baolacha a bhfuil an léirscrios mar cheann cúrsa acu. Ar shíl sibh mé bheith neamh-aireach nó gan eolas agam oraibh?

66

A EISIMIRCEACHA!

An teanga atá ceaptha agam le haghaidh mo luaite, ná truaillígí le cúlchaint í. Má thugann tine an leithleasa an bua oraibh, bíodh cuimhne agaibh ar bhur lochta féin agus ní ar lochta mo chréatúr, as siocair gach aon duine agaibh a bheith níos eolaí air féin ná ar an gcuid eile.

67

A CHLANN AN TAIBHRIMH!

Bíodh fhios agaibh, go deimhin, le linn don lá dealraitheach bheith ag gealadh os cionn bun spéire na naofachta síoraí, go nochtfar agus go dtaispeánfar go hoscailte os comhair chiníocha an domhain an uile rún diabhlaí agus gach a ndearnadh le dorchadas na hoíche.

68

A CHOGAIL A FHRÉAMHAÍONN ÓN gCRÉ!

Cén fáth nár bhain na lámha truaillithe seo agat do d’éide féin ar dtús nó cad chuige ar mian leat cumann a dhéanamh liom agus teacht isteach i mo ríocht bheannaithe le linn do do chroí bheith truaillithe le saint agus le hainmhian? Is fada, fada atá sibh ón ní atá sibh a iarraidh!

69

A ÁDHAMHCHLANN!

Ardaíonn briathra beannaithe agus deaghníomhartha glana go dtí ríocht na glóire neamhaí. Déanaigí bhur ndícheall le go nglanfar bhur ngníomhartha ó smúr an nádúir dhaonna agus an bhéalchrábhaidh agus go mbeidh siad inghlactha i gcúirt na glóire, mar roimh i bhfad ní ghlacfaidh measúnóirí an chine dhaonna i láthair Ghrá ár n-anama ach le fíréantacht ró-uasal agus le gníomhartha glana gan smál. Is í seo grian na heagna agus na mistéire diaga a shoilsigh os cionn bun spéire na tola diaga. Is beannaithe an dream a thiontaíonn chuige.

70

A MHIC NA SAOLTACHTA!

Is taitneamhach ríocht na beatha dá mbainfeá amach í; is glórmhar saol na síoraíochta dá n-imeofá thar an domhan básmhar; is aoibhinn an eacstais bheannaithe má ólann tú as an gcailís mhistiúil ó lámha an Mhacaoimh neamhaí. Dá mbainfeá an staid sin amach bheifeá saor ó bhascadh agus ón mbas, ó dhua agus ó pheacadh.

71

A CHAIRDE!

Bíodh cuimhne agaibh ar an gcúnant a rinneadh idir mé agus sibh ar Chnoc Párán atá suite taobh istigh de thearmann beannaithe Sámán. Thog mé mar fhinnéithe sluaite neimhe agus áitritheoirí chathair na síoraíochta ach níl le fáil agam anois oiread is duine amháin atá dílis don chúnant úd.

Is cinnte go bhfuil sé scriosta den chroí de bharr uabhair agus ceannairce, sa chruth nach maireann lorg ar bith de. Cé gurbh fheasach dom an méid sin, d’fhan mé is níor nocht mé é.

72

A SHEIRBHÍSEACH!

Tá tú mar a bheadh claíomh atá faghartha go fíneálta, agus é i bhfolach i ndorchadas a thruaille, gan a luach ar eolas ag an gceardaí. Tar amach, mar sin, as truaill an nádúir dhaonna agus na hainmhéine le go bhfeicfear do luach lonrach agus go nochtfar don domhan uile í.

73

A CHARA!

Is tusa an ghrian ar neamh mo naofachta: ná cuireadh bréantas an tsaoil urú ar do loinnir. Réab fial na neamh-aire as a chéile, le go dtiocfaidh tú go dealraitheach amach as cúl na néalta agus go ngléasfá an uile ní le héide na beatha.

74

A CHLANN NA GLÓIRE DÍOMHAOINE!

Ar fhlaitheas neamhbhuan thréig sibh mo thiarnas suthain agus mhaisigh sibh sibh féin le libhré aerach an domhain go ndearna sibh bhur maíomh as. Dar mo scéimh! baileoidh mé a bhfuil ann faoi chumhdach aondathach na cré agus scriosfaidh na dathanna éagsúla seo diomaite díobh siúd a dhéanann rogha de mo dhath féin agus is é sin glaine ó gach aon dath.

75

A CHLANN NA FAILLÍ!

Ná suígí bhur gcroí ar fhlaitheas neamhbhuan ná ná bainigí aoibhneas as. Tá sibh mar a bheadh an t-éan neamh-aireach ann a bhíonn ag ceiliúr go móruchtúil ar géag go dtí go dtagann an foghlaeir darb ainm an Bás agus go gcaitheann sé ar an gcré é sa dóigh go gcailltear idir shéis, chrot agus dhath, gan tásc gan tuairisc. Tugaigí aire, a mhogha na hainmhéine!

76

A MHIC MO BHANSEARBHÓNTA!

Le briathra a tugadh treoir riamh cheana agus anois is le gníomhartha a thugtar í. Caithfidh gach aon duine gníomhartha glana, naofa a nochtadh óir baineann briathra le gach uile dhuine mar an gcéanna ach is le lucht ár n-ansachta amháin a leithéidí de ghníomhartha. Déanaigí iarracht, mar sin, idir anam agus chroí, le go n-aithneofar de bharr bhur ngníomhartha sibh. Is amhlaidh a chomhairlímid daoibh sa táibléad lonrach, naofa seo.

77

A MHIC AN CHIRT!

Faoi choim na hoíche tá áilleacht na beatha síoraí i ndiaidh teicheadh ó mhullach smaragaideach na dílseachta go dtí an Sadratu’l-Muntahá agus chaoin chomh géar sin go ndearna sluaite na bhflaitheas agus áitritheoirí neimhe olagón faoina mhairgneach. Fiafraíodh ansin, ‘Cad é is cúis leis an gcaoi agus an olagón?’ Is é a d’fhreagair sé:

‘D’fhan mé, mar a aithníodh díom, go tnúthánach ar ard na dílseachta ach níor chuir mé boladh cumhra na fíréantachta ó áitritheoirí an domhain.

Ansin nuair a glaodh orm filleadh, d’amharc mé agus féach! bhí coilm naofachta áirithe ann agus iad faoi chrá idir chrúba mhadraí an domhain. Leis sin dheifrigh Maighdean na bhFlaitheas lonrach, gan fial, amach as a cúirt mhistiúil agus d’fhiafraigh a n-ainmneacha sin. Insíodh iad uile ach ceann amháin agus nuair a rinne sí achainí labhraíodh an chéad litir de. Ní luaithe sin déanta ná tháinig áitritheoirí na seomraí neamhaí amach de rúid as a n-áras glórmhar. Agus le linn don dara litir bheith á rá thit an uile dhuine acu ar an gcré.

Ar an móimint sin cluineadh glór ón scrín ab fhaide istigh: “Go nuige seo agus gan dul thairis.”’ Go deimhin, tugaimid fianaise dá bhfuil déanta acu agus dá bhfuil á dhéanamh acu san am seo.

78

A MHIC MO BHANSEARBHÓNTA!

Ól deoch de theanga an trócairigh as sruthán na diamhaire diaga agus féach ó réalt mhaidne na hurlabhra diaga niamhracht neamhfhialaithe ghrian na heagna. Cuir síolta m’eagna diaga i gcré ghlan an chroí agus déan iad a fhliuchadh le huiscí na cinnteachta le go bhfréamhóidh buthaí an eolais agus na heagna, úr agus glas, i gcathair bheannaithe an chroí.

79

A MHIC NA hAINMHÉINE!

Cén fhad a mhairfidh tú ag eitilt i ríocht na hainmhéine? Bhronn me sciatháin ort le go rachfá in airde go dtí ríochtaí na naofachta mistiúla agus ní go dtí críocha na samhlacha diabhlaí. Thug mé an chíor duit fosta le go gcóireofá mo dhlaoithe ciardhubha ní le mo scornach a stialladh.

80

A SHEIRBHÍSIGH!

Is sibhse crainn mo ghairdín; caithfidh sibh torthaí maithe, éachtacha a thabhairt uaibh le go mbainfidh sibh féin agus an chuid eile leas astu. Is ar an ábhar sin is gá don uile dhuine bheith ag gabháil do cheirdeanna agus do ghairmeacha óir is ann atá rún an tsaibhris, a mhuintir na tuisceana. I dtaca le héifeacht de bí ag brath ar a bhfuil d’acmhainní agat agus déanfaidh grásta Dé do dhóthain uile duit. Na crainn a bhíonn gan torthaí is chuig an tine a bheirtí riamh iad agus is ann a bhéarfar iad go deo.

81

A SHEIRBHÍSEACH!

Is iad na daoine is suaraí an dream nach dtugann torthaí ar bith uathu ar talamh. Áirítear a leithéidí, go deimhin, ar na mairbh, ní hea, is fearr le Dia na mairbh féin ná an slua díomhaoin, beagmhaitheasach úd.

82

A SHEIRBHÍSEACH!

Is iad na daoine is fearr an dream a thugann a mbeatha i dtír lena ngairm agus a chaitheann a gcuid orthu féin agus ar a muintir ar ghrá Dé, Tiarna an uile dhomhain.

Tá an Bhrídeog mhistiúil, éachtach a ceileadh go dtí seo faoi fhial na hurlabhra nochta anois trí ghrásta Dé agus trína fhabhar diaga, chomh soiléir leis an solas lonrach a dhealraíonn ó áilleacht an Leannáin. Tugaim fianaise, a chairde, go bhfuil an fabhar comhlíonta, an argóint curtha i gcrích, an cruthú curtha ar fáil agus an fhianaise taispeánta. Feictear anois cad é a thiocfaidh chun solais de bharr an díchill a dhéanfaidh sibh i slí an scartha. Is amhlaidh a deonaíodh an fabhar diaga go hiomlán daoibhse agus dóibh siúd atá ar neamh agus ar talamh. Go raibh an uile mholadh le Dia, Tiarna an uile dhomhain.

Bahá'u'lláh

Windows / Mac